An Cosantóir

March 2016

An Cosantóir the official magazine of the Irish Defence Forces and Reserve Defence Forces.

Issue link: https://digital.jmpublishing.ie/i/645006

Contents of this Issue

Navigation

Page 34 of 47

www.military.ie the defence forces magazine | 35 Tá plaic chomórtha shimplí ar fhalla Chlós Bristoirí na gCloch i bPríosún Chill Mhaighneann ar a bhfuil liosta d'ainmneacha ceathrar déag fear agus na dátaí ar a bhfuair siad bás idir 3ú Bealtaine agus 12ú Bealtaine 1916 – idir naoi agus ocht lá déag i ndiaidh an Éirí Amach. Ina iomlán, daoradh 97 duine, idir fir is mná, chun báis ag cúirt mhíleata ghinearálta mhachaire as an bpáirt a ghlacadar san éirí amach sin; dheimhnigh an Ginearál Maxwell, Ardcheannasaí Fhórsaí na Breataine in Éireann, na breitheanna sin. Cé gur cuireadh iad siúd chun báis abhí ainmnithe ar an bplaic, iomhalartaíodh na breitheanna eile ar thréimhsí príosúin. D'eisigh an Briogadaire-Ghinearál JR Young saintreoracha i leith na mbásaithe. Seo sliocht as an gcéad mheabhrán aige ar 2ú Bealtaine: "Réitíodh an meabhrán seo ar eagla uimhir mhór bhásaithe maidin amárach ach, toisc moilliú ar chúrsaí Cúirte, ní dócha go mbeidh thar ceithre cinn ann." Cuireann sé seo i gcéill go raibh sé ag súil go gcuirfí na príosúnaigh chun báis tar éis a gcuid trialacha. I ndeire na dála, níor tharla ach trí bhásaithe ar an gcéad lá – Pádraig Mac Piarais, Tomás Ó Cléirigh agus Tomás Mac Donchadha. Diúltaíodh cuidiú na gCaipisíneach dóibh siúd uile agus iad ag siúl chun báis, rud ar dhein na sagairt gearán fíochmhar faoi. Tar éis dóibh uirill a dhéanamh, ceadaíodh do na Caipisínigh freastal ar gach uile bhású ina dhiaidh sin. Bhí ráflaí faoi bhásaithe á scaipeadh go forleathan i bPríosún Chill Mhaighneann. Cheap daoine áirithe go lámhachfar na príosúnaigh uile; mheas daoine eile gur órdaigh an Ginearál Maxwell go ndéan- faí poll i gclós aclaíochta phríosúin Chnoc an Earbair a bheadh mór go leor le 100 corp a ghlacadh. Bhí fírinne áirithe sna ráflaí seo, mar tar éis a dtrialacha, daoradh 97 fear is bean chun báis. Níor luadh na pianbreitheanna seo leo i rith na dtrialach, ach tugadh an fhaisnéis seo dóibh níos déanaí ina gcillíni, agus níos déanaí fós, dúradh leo go raibh na pianbreitheanna iomhalartaithe le tréimhsí príosúntachta. Ach bhí 14 fós gan faoiseamh ó bhreith an bháis. Ar an 1ú, 4ú, 5ú, 8ú aus 12ú Bealtaine, scaoil na raidhfilí a gcuid urchair lasracha i gClós na mBristeoirí Cloch agus iad á mbású; a gcuid corp curtha i gclais bhainte i gCnoch an Earbair agus iad clúdaithe le haol beo. Níor luadh na básaithe seo roimh ré leis an bpobal. Chualadar futhu ceann i ndiaidh a chéile nuair a bhíodar thart. Dob é an sileadh faisnéise seo agus a rúnda is a bhí na básaith a chuir cruth an dioltais seachas an chirt ortha. I dtosach báire bhí dearg-ghráin ag an bpobal agus ag na meáin chumarsáide i leith an Éirí Amach. Bhí na páipéir nuachta agus lucht páirliminte ag iarraí píonóis chruaghasta. Ach de réir mar a lean na básaithe bhí sé soiléir nach raibh goile marthanach ag an bpobal i leith a leithéid seo ruda agus bhí athrú ag teacht ar a bharúil siúd. Nuair a básaíodh Éamonn Ceannt, ar 9ú Bealtaine, i gCathair Chorcaí, mhéadaigh ar fhala an phobail leasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Rinneadh éileamh i bPáirlimint na Breataine go gcuirfí stop leis na básaithe agus, faoi dheireadh, d'órdaigh an Príomh Aire Asquith do Maxwell stop a chur leo. B'iad na daoine deireannacha a cuireadh chun báis i gCill Maigheann ná Seán MacDiarmada agus Séamas Ó Conghaile. (Bhíothas le Ruairí Mac Easmainn a chrochadh i Mí Lúnasa in Pentonville i Londain.) Le bású Uí Chonghaile d'éirigh le Maxwell seachtar sínitheoir uile Fhorógra na Cásca, a léigh Pádraig Mac Piarais leasmuigh d'Ardoifig an Phoist ag tús an Éirí Amach, a bhású. Ach fear tinn abhí i Séamas Ó Conghaile, ar leaba a bháis cheana féin de bharr gonta a fuair sé sa troid. B'éigean é a bhreith ó ospidéal machaire i gCaisleán Átha Cliath go príosún Chill Mhaighneann ar shínteán agus básaíodh é agus é nasctha le cathaoir toisc nach raibh sé in ann é féin a choinneáil inairde gan taca. Tháinig samhnas ar an bpobal nuair a chualadar faoin bhású seo. In áit an náisúnachas a cheannsú ar feadh 100 bliain mar abhí ar in- tinn ag Maxwell, d'aidhn an bású seo an tine beo agus spreag sé an lucht abhí le páirt a ghlacadh i gCogadh na Saoirse a lean go luath ina dhiaidh. Dúirt Tomás Ó Cléirigh, céad sínitheoir an Fhorógra, lena bhean Caitlín nuair a thug sí cuairt air ina chillin sa phríiosún an oíche roimh a bhás: "Creidim féin, mara- on le mo chomhshínitheorí, go bhfuil an céad buille ar son na Saoirse buailte againn. Éireoidh leis an gcéad buille eile, a bhuailfidh Éire fhéin, an bua a bhaint amach. Ina muinín seo gheobhfaimíd bás go sona sásta." D'fhéadfá a rá gur chuidigh an Ginearál Maxwell le seo; lena mbású siúd d'aidhn na fir seo tine beo na náisiúntachta. Clós Bristeoirí na gCloch LE MíCHEÁL Ó DOIBHILíN about the author: Mícheál Ó Doibhilín is MD/editor of Kilmainham Tales Teo., a publishing house specialising mainly in 19th and early 20th Century Irish history, and has worked for the last ten years as an information officer/tour guide in Kilmainham Gaol. The company has published 13 books, authors include Las Fallon, Paul O'Brien, Shane Kenna, Rory O'Dwyer, Joe Connell and Ciara Scott, as well as Mícheál himself. The company has a full programme of books to mark the centenary of the Rising, visit www.kilmainhamtales.ie for more info. Famous image of Patrick Pearse surrendering to General W.H.M. Lowe who is accompanied by his staff officer, Major John de Courcy-Wheeler (nearest to camera). To Pearse's side, and partially obscured, is Nurse Elizabeth O'Farrell who helped spread the word of the surrender. Original caption: British officers interviewing Pearse, the rebel leader (afterwards tried and shot), in Parnell Street, and demanding unconditional surrender. Photo: The Manchester Guardian History of the War 1914-18/ South Dublin Libraries Cross marking execution spot of James Connolly in Stonebreakers' Yard, Kilmainham Gaol. Photo by Author

Articles in this issue

Links on this page

Archives of this issue

view archives of An Cosantóir - March 2016