An Cosantóir the official magazine of the Irish Defence Forces and Reserve Defence Forces.
Issue link: https://digital.jmpublishing.ie/i/958467
An Cosantóir April 2018 www.dfmagazine.ie 16 | C huir An Chomhairle gaeilge Óglaigh na hÉireann an dara Seimineár gaeilge 2017 i láthair ar an 8ú lá nollaig i gColáiste náisúnta Mara na hÉireann i Rinn na Sceidigh I gContae Corcaigh. le roinnt mhaith tamail anuas, tá cáil an ghaeilge ag teacht chun cinn ar na Meáin Sóisialta mar shampla twitter agus Facebook. De bharr sin, bheartaigh an Comhairle gaeilge go mbeadh téama an Seimineár gaeilge 2017 dírthe ar 'gaeilge agus na Máin Sósialta'. Bhí fáilte is fiche roimh aon ball a raibh báúil don teanga. Bhí léachtaí ó haoi-cainteoirí lastigh agus lasmuigh d'Óglaigh na hÉireann. Chuir An t-Oifigeach Gaeilge Sinsearach Coirnéal Sea- mus de Búrca, fáilte roimh an lucht féachana. Ansin thug Ceann Foirne ÓnahÉ Leas Aimiréal Marcus Ó'Méalóid aitheasc oscailte ofigúil don Seimineár. Labhair an Ceann Foinre faoin obair a déanann an gComhairle in Óglaigh na hÉireann ó thaobh an teanga de agus faoina gcuid tacaíocht agus grá pearsanta don theanga. Chuir an Leifteanant Cheannsaí Caoimhin MacUn- fraidh tús leis na léachtana. Labhair sé faoin tionchar atá ag na meáin ar an gCabhlaigh agus Óglaigh na hÉirinn sa lá atá inniú ann. Bhain an Chabhlaigh úsáid oifigiúil as Facebook chun léiriú a dhéanamh ar gaiscí na mairnéalaigh sa Mhéan Mhuir agus iad ar OP PONTUS. Deis iontach, d'ar leis, an Ghaeilge a úsáid i ngach postáil ar an suíomh. Labhair Coimeádaí Conradh na Gaeilge, Cuan Ó'Seireadáin faoi stair an eagraíocht óna bunaíodh é sa bhliain 1893. Is eagríocht nua-aimsire é an Conradh na Geailge a bhaineann úsáid as na Meáin Sóisialta chun dream na Gaeilge a mhealladh chun bpáirt a glacadh sa teanga. Tá sé soiléir go bhfuil an dream seo ag dul ó neart go neart faoi láthair agus tá cuntais Facebook, Twitter, Snapchat, Instagram agus YouTube ag Conradh na Gaeilge chun é seo a dhéanamh. Bhí an bheirt a d'éaraigh an Pop-Up Gaeltacht, Osgur O'Ciardha agus Peter Kavanagh ag labhairt faoin obair a rinne said ar na Meáin chun an Pop-Up Gaeltacht a chur os comhair an tsaoil. Mar chainteoirí Ghaeilge ag conaí i mBaile Átha Cliath, cheap said go mbeadh easpa rogha dóibh Gaeilge a labhairt in áit soisialta, áit ina mbíonn chuile duine mór thimpeall á labhairt freisin. Thug said faoi deara go raibh pobal mór Gaelach ag baint usáid as na Meáin Sóisialta (An Taoiseach Leo Varadkar ina measc) agus fuair said freaga ollmhór don cuireadh. Sa tráthnóna briseadh an Seimineár i dhá ceardlanna chun gnéithe éagsúla maidir leis na meáin sóisialta a phlé. D'fhill siad ansin go dtí an Seiminear iomlánach agus cuireadh moltaí afoi leith faoi bhráid an grúpa iomlán. D'éirigh go mór le Seimineár 2017a. Déanann an Com- hairle Gaeilge gach iarracht an teanga a chuir cunn chinn in Óglaigh na hÉireann agus iad i lámh le eagraíochtí cosúil le Conradh na Gaeilge agus an Pop-Up Gaeltacht. Is í 2018 Bliain na Ghaeilge, deis iontach dúinn go léir ár dteanga dúchasach a spreagadh agus sórt athbheochan a déanamh. Mar a deireann muintir na Ghaeilge, 'Bain Triail As' agus is fearr Gaeilge Briste ná Béarla Cliste. By CAPt CIllIAn DE BRún, 2 BAR